Diarmuid Johnson

File, ceoltóir, scríbhneoir agus scoláire é Diarmuid Johnson. I gCardiff na Breataine Bige a rugadh é in 1965. Cuireadh oideachas air i nGaillimh idir 1970 agus 1989. Tá céim B.A., M.A. agus Ph.D. sa Léann Ceilteach aige. Ó 1989 i leith tá blianta go leor caite aige ina léachtóir ollscoile in Éirinn, sa mBreatain Bhig, sa mBriotáin, sa nGearmáin agus sa bPolainn. Chaith sé cúig bliana le ceird na hiriseoireachta agus na heagarthóireachta i gConamara.

Tá leabhra go leor scríofa aige, agus  tá a chuid fliúiteadóireachta le cloisteáíl ar cheirníní éagsúla. I 2014, bhí sé ina fhile teallaigh i dteach mór Rhos-y-Gilwen in iardheisceart na Breataine Bige. Bíonn sé ag tuairisceoireacht do Raidió na Gaeltachta. Múineann sé Gaeilge in Éirinn i rith an tsamhraidh. Is é Rún na mBradán an cnuasach filíochta is deireanaí ón údar.

Is é Conaire Mór an chéad úrscéal i dtriológ a bhfuil an t-údar ag obair uirthi, úrscéal bunaithe ar sheanscéal Togail Bruidne Da Derga. Is iad Tuatha Dé Danann agus Éadaoin an chéad dá leabhar eile sa tsraith seo a dhéanann iniúchadh cruthaitheach ar luathlitríocht na nGael.

Físeán den údar agus sliocht as Tuatha Dé Danann á léamh aige.

Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — scéal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir mhacghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh Éirinn faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh. Seo scéal nár insíodh i nGaeilge le beagnach míle bliain, ach tá Conaire Mór i réim anois arís ar deireadh. Is é an file Diarmuid Johnson a rinne an t-athscríobh ar an mbuntéacs.

Tuilleadh
Gradam IRISH BOOK AWARDS
Scéal flaithiúnais, scéal dúchais, scéal ársa agus scéal nua - sin é atá i scéal na n-eachtraí sin faoi mar atá inseacht agus aithris orthu sa leabhar beag eipiciúil seo. Cé mar a baineadh an ghéag de Nuadha, cérbh é Lúgh Lámhfhada, cén tairngreacht do Bhalar na Súile Nimhe, agus cén bhandáil a bhí ag an Daghda cois Éirne? Is as na seanleabhra léinn a bhain an t-údar freagraí na gceisteanna seo, ach ceisteanna go leor nach iad faoi ghnéithe den réamhstair ata faoi bhrat ceo leis na céadta bliain. Teacht agus imeacht na dTuatha Dé Danann, sin é is ábhar agus is téama dó. Sin agus an chéad lá ar leag clanna Gael cois ar chladaí Inse Fódla.

Tuilleadh